Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh/Irish Debating

in Departments, News
Maith sibh a Emily, a Anne Sophie agus a Olivia as an sárobair a rinne sibh aréir ag Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh (eagraithe ag Gael Linn)! Is é an rún a bhí á phlé  ná ‘Ba cheart don Bhreatain fáil réidh leis an Teaghlach Ríoga’ agus bhí ár bhfoireann i bhfábhar an rúin. Chuir ár gcainteoirí an-chuid oibre isteach agus bhí argóintí láidre acu. Dúirt moltóir amháin go raibh ár gcur i láthair agus ár gcumas sainmhíniú a thabhairt ar an rún agus achoimre a dhéanamh ar ár bpointí ag deireadh na díospóireachta sármhaith. Bhuaigh ár bhfoireann agus beidh muidne ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile! Comhghairdeas le gach uile dhuine, go háirithe ár gcainteoirí ar an oíche chomh maith le Isabelle, Eimear, Millie, Stephanie agus Lucia ón bhfoireann díospóireachta a thacaigh linn i gColáiste Stratford.
 
Well done, Emily, Anne Sophie and Olivia for the amazing work that you did last night at Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh (organised by Gael Linn). The motion that was discussed was ‘Britain should abolish the monarchy’ and our team were in favour of this motion. Our speakers put in a huge amount of work, and they made very strong arguments. One adjudicator said that our presentation, along with our ability to define the motion and summarise our points at the end of the debate was particularly good. Our team won and we are through to the next round! Congratulations to everyone, particularly our speakers on the night as well as Isabelle, Eimear, Millie, Stephanie and Lucia from the debating team that supported us on the night in Stratford College.
 
Ms Phelan
More news
Search news

Topics

News Archive